Liam Ó Muirthile
Mar fhile, iriseoir, drámadóir agus úrscéalaí, tá Liam Ó Muirthile tar éis forbairt ar bhonn leanúnach ó tháinig sé faoi bhráid an phobail mar fhile de lucht Innti i 1969? sa tslí is go n-aithneodh aon duine a stíl anois is cuma cén seánra a chleachtódh sé. Is le ceird na filíochta is mó a shamhlaítear é: bhuaigh a chéad chnuasach Tine Chnámh (Sáirséal Ó Marcaigh, 1984) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas agus is iomaí duais eile atá bainte ag Ó Muirthile. Scríobh Declan Kiberd faoi Dialann Bóthair (Gallery Press, 1992): ‘Ó Muirthile’s deft ability to explore the personal ramifications of public events is most powerfully apparent in the sequence of poems which address the diaries of Wolfe Tone . . . This is a necessary book.’ Ba léir ina dhiaidh sin ar Walking Time agus Dánta Eile (Cló Iar-Chonnacht, 2000) agus Sanas (Cois Life, 2007) go raibh a ghuth agus a mheon filíochta á mbeachtú tuilleadh aige.
Poet, journalist, dramatist and novelist, Liam Ó Muirthile has developed, since his arrival on the literary scene as a member of the Innti generation in the late 1960s, to being a highly distinctive voice in whatever medium in which he writes. His primary achievement is poetic; his first collection Tine Chnámh (Sáirséal Ó Marcaigh, 1984) won the prestigious Duais an Ríordánaigh in the Oireachtas literary competition and futher awards followed. Of Dialann Bóthair (Gallery Press, 1992) Declan Kiberd observed: ‘Ó Muirthile’s deft ability to explore the personal ramifications of public events is most powerfully apparent in the sequence of poems which address the diaries of Wolfe Tone . . . This is a necessary book.’ Walking Time agus Dánta Eile (Cló Iar-Chonnacht, 2000) and Sanas (Cois Life, 2007) evidenced further refinements of his unique poetic sensibility.