Jump to content

Cathal Ó Searcaigh

Ar na leabhair is déanaí uaidh tá Seal i Neipeal (Cló Iar-Chonnachta, 2004), Oíche Dhrochghealaí, dráma (Coiscéim, 2005), Mairimid Leis na Mistéirí agus Drámaí Eile (Arlen House, 2006), Gúrú i gClúidíní (Cló Iar-Chonnachta, 2006), Light on Distant Hills: A Memoir (Simon & Schuster, 2009), An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House, 2011), Pianó Mhín na bPréachán (Cló Iar-Chonnacht, 2011) and Aimsir Ársa (Arlen House, 2013). Bhuaigh sé The Irish Times Literature Award i 2000 agus bronnadh The Ireland Fund Literary Award air i 2007 as feabhas a shaothair i nGaeilge. Roghnaíodh By the Hearth in Mín a’ Leá (Arc Publications, 2005) mar Poetry Book Society Recommended Translation sa Bhreatain i 2006. Is é eagarthóir Gaeilge Irish Pages é. Tá cónaí air i Mín a’ Leá faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill. Tá sé ina bhall d’Aosdána.

Cathal Ó Searcaigh is one of Ireland’s leading writers. Born in the Donegal Gaeltacht, he is author of many award-winning books. He is the Irish language editor of Irish Pages and a member of Aosdána. His latest critically-acclaimed poetry collection, Aimsir Ársa (Arlen House, 2013), will be launched in Dublin in July.

Arlen House